An Nollaig sa Naigín le CD

Ré Ó Laighléis

Aoiseanna 8-80 bliain

ISBN 978-0-9554079-0-1
Praghas €12.50

(Agus anois, in éindí leis an leabhar féin, tá dlúthdhiosca aoibhinn atmaisféarach ar a léann an t-údar féin na scéalta agus ar a bhfuil leaganacha áille comhlánacha de cheol agus iomainn na Nollag)

Ar ais go Páistí
Ar ais go Déagóirí
Ar ais go Daoine Fásta

CEANNAIGH

An Nollaig sa Naigín
le
Sinéad Nic Gearailt

‘…deacair a shamhlú go sáróidh sé an iarracht seo le haon saothar eile riamh arís...Is tuisceanaí, is umhaile, is saibhre mé i bhfad as é a léamh.’

Is le hábhar dúshlánach comhaimseartha do dhaoine fásta agus do dhéagóirí sa Ghaeilge agus sa Bhéarla is túisce a cheanglaítear ainm Ré Uí Laighléis in intinní léitheoirí, bíodh gur úrscéalta, gearrscéalta nó eile a bhíonn i gceist. Níl insint ar a bhfuil d’aitheantas agus de ghradaim tugtha dó as saothair ar nós Gafa, Ecstasy, Bolgchaint, Hooked agus iliomad eile le scór bliain anuas, agus ní haon dul thar fóir a rá gur ceannródaí íolbhristeach é i gcomhthéacs na litríochta nua-aimseartha i ndá theanga na tíre seo. Is scríbhneoir é a bhfuil de chumas aige cruas an tsaoil seo a léiriú go fíochmhar barbartha ina chuid scríbhinní, ach atá chomh maith céanna in ann boige agus séimhe agus uaisleacht an duine a chur inár láthair ar bhealach atá grámhar tuisceanach íogair. Manglam nach éasca, cheapfaí, ach manglam atá léirithe aige arís agus arís eile thar na blianta.

D’ainneoin sin uile, dá eisceachtúil é aon cheann de na saothair óna pheann go dtí seo, ní féidir ach a rá go seasann an tseoid is déanaí uaidh amach thar leabhar ar bith eile díobh, mar atá An Nollaig sa Naigín. Ba mhór a bheadh sé mar ábhar maíte ag litríocht an Bhéarla dá mba sa teanga sin a scríofaí agus a fhoilseofaí an saothar úr seo den chéad uair, ach ní hea. Fós eile, tá roghnaithe ag an Laighléiseach tús áite a thabhairt don teanga dhúchais agus an saothar a chur le MÓINÍN – teach foilsitheoireachta a bhfuil baint aige leis agus a bhfuil seoda éagsúla eile dá chuid foilsithe aige le dornán de bhlianta anuas. Is beag dabht atá ann, áfach, agus a bhfuil d’fheabhas agus de chaighdeán ag baint leis An Nollaig sa Naigín, go dtiocfaidh foilsitheoirí na dteangacha móra i ndiaidh an údair chun aistriúchá(i)n a dhéanamh nó a cheadú, rud a tharla i gcás mórán eile dá chuid teidil cheana.

‘Soineantacht an pháiste, grá an tuismitheora, gaois an tseanóra – iad uile ar roithleán na tuisceana ar Lá Nollag sa Naigín thar thréimhse chúig bliana. Sonas, brón, éagóir agus ceart fite fuaite ar a chéile go healaíonta síos tríd. Aistear draíochtúil, aistear foghlama, aistear fírinne, ar saibhre sinn dá bharr. An Nollaig sa Naigín: é íogair iniúchach paróisteach agus domhanda ag aon am amháin. Idir dhúchas agus ghaois á
n-úscadh den uile leathanach den tseoidín seo.’

Sin é thuas an t-aitheasc nó an blurba atá ar chlúdach cúil An Nollaig sa Naigín, agus is é is suntasaí faoi mar ráiteas ná an réimsiúlacht a bhaineann leis an aitheasc céanna: an uile aois faoi chaibidil ann,éagsúlacht na mothúchán agus uilíochas tíreolaíoch, rud a fhágann gur saothar domhanda, saothar trasteorannach, saothar traschultúrtha é seo. Agus is ea, go fíreannach. Is ábhar draíochtúil eisceachtúil é seo a bhféadfadh tuismitheoir a léamh dá pháiste, a bhféadfadh an déagóir é a ardú agus a bheith faoi gheasa aige, a bhféadfadh an duine fásta, ar a laghad, an méid céanna taitnimh agus ardú croí agus meanma a bhaint as agus a dhéanfadh an duine óg féin, agus, ar deireadh, a tharraingeodh na deora de shúile gach aon seanóir a thabharfadh faoi é a léamh. Uilíochas agus feabhas ar an uile bhealach, go deimhin, agus an cheardaíocht dá réir, line ar line.

Tá gach uile fhriotal ar an sprioc ó thús deireadh an tsaothair, rud a mbíonn súil againn leis i saothar ar bith de chuid an Laighléisigh – gach aon fhocal tomhaiste meáite go huas-éifeachtach ag an scríbhneoir le go ngriogtar an léitheoir ag an gcumha nó ag an tséan a bhíonn faoi chaibidil aige. Ar uaireanta, in imeacht aon line amháin, fiú, tugtar sinn ó gháire go caoineadh, rud is léir, mar shampla, ar an bpáiste i Buachaill Bó na Nollag, nó ar Dhaideo i Deoir na Nollag. Ar uaireanta eile, is den chasadh boise céanna a thugtar sinn ón tsoineantacht go dtí an tuiscint, mar a fheicimid i Smeámh na Nollag, agus arís eile i Cuairt na Nollag.

Ach, dá fheabhas iad tréithe éagsúla an tsaothair aoibhinn seo tríd síos, is iad an daonnacht agus an draíocht atá ann a sháraíonn gach aon ghné eile de. Feidhmíonn an dá thréith sin ar leibhéal an pháiste nach eol dó fírinne ná a mhalairt i dtaobh San Nioclás, mar shampla, nó nach gceadaíonn soineantacht na haoise dó lán-tuiscint a bheith aige ar chailliúint an linbh atá á iompar ag a mháthar ina broinn istigh. Ar leibhéal eile, ní féidir a bheith dall ar thagairtí an údair ar mhí-ionraiceas agus éagóir an Iarthair i leith tíortha an Domhain Thoir (Buachaill Bó na Nollag) nó ar thromaíocht na sochaí ar ár dtairseach féin anseo i leith shaoránaigh áirithe dár gcuid (Cuairt na Nollag) – nithe a bhfuil tuiscint ag an uile léitheoir orthu, bíodh sé ocht mbliana d’aois nó ocht mbliana agus ceithre scór.

Cuid riachtanach ar fad den bhfoilseachán seo is ea na léaráidí mealltacha draíochta atá cumtha ag Tatyana Feeney mar chomhlánú ar scríbhinn Uí Laighléis. Súitear súil, súitear croí, súitear anam an léitheora isteach ag a bhfuil de mháistreacht léirithe san ealaín anseo aici. Mar atá ag an údar le feabhas na bhfriotal, tá aicisi leis an scuab. Soineantacht, grá, draíocht, daonnacht – is liodáin le háireamh iad na tréithe atá curtha ar ár súile aici agus comhthuiscint, comhbhá, comhbhráithreachas á léiriú aici le hiarracht agus le fealsúnacht an scríbhneora. Tá de chéannacht ag na léaráidí leis an bhfocal scríofa go n-éiríonn leis an ealaíontóir, ach an oiread leis an scríbhneoir féin, freastal ar ghné an pháiste, ghné an déagóra, ghné an duine fásta agus ghné an tseanóra d’aon iarracht amháin: éacht ealaíne ar bhonn ar bith, chaithfí a rá, agus umar draíochta dathúil cumtha aici ar leasc leis an léitheoir é a chur uaidh. Tá fíneáilteacht agus íogaireacht ag baint leis an obair ealaíne anseo atá annamh ar fad. Ba dheacair íomhá an ghliondair agus an iontais a shoiléirítear ar chlúdach an tsaothair a shárú. Is íomhá í a bhfuil tuiscint níos doimhne fós ag an léitheoir uirthi nuair a thagann sé arís uirthi istigh sa leabhar agus é mar chomhlánú ar an iontas a airíonn an páiste sé bliana d’aois nuair a fheiceann sé sneachta den chéad uair riamh, agus – rud is iontaí fós dó - an domhan faoi chlúid ag brat bán an tsneachta chéanna ar Lá Nollag féin (Céad Sneachta na Nollag).

Scéal na Nollag ar bhealach úr ar fad, más ea – bealach a thugann dúshlán an léitheora, bíodh sé óg nó séan; bealach a ghineann tuiscint agus a mhúsclaíonn draíocht inár gcroíthe agus inár n-anama; bealach a chuireann orainn ár ndearcadh féin a mheas i dtaobh na Nollag, i dtaobh na Críostaíochta, i dtaobh ár gcomhbhráithre Moslamacha agus eile, i dtaobh an chirt agus, thar ní ar bith eile, i dtaobh na daonnachta. Saothar ar bith i dteanga ar bith a dhéanann an méid sin, is fiú é a ardú agus a léamh. Ní haon díomá, ach a mhalairt ar fad a bheidh ar an té a dhéanann amhlaidh.

Tá creidiúint ar leith ag dul do Bhord na Leabhar Gaeilge, a chuidigh le maoiniú an fhoilseacháin seo agus ní beag is ábhar maíte don mBord céanna gurb é atá freagrach as seoid den chaighdeán seo a thabhairt ar an bhfód. Má áirítear An Nollaig sa Naigín ina chlaisic amach anseo – agus is í tuairim an léirmheastóra seo gur amhlaidh a bheidh – méadófar fós ar ghaois Bhord na Leabhar Gaeilge as cuidiú lena fhoilsiú an chéad lá riamh.

Tuigtear don léirmheastóir seo chomh maith go bhfuil a ghualainn curtha leis an roth ag eagraíocht Ghaeilge eile, i.e. Comhluadar, lena chinntiú go bhféadfaí leagan dlúthdhiosca den leabhar a thabhairt amach (á léamh ag an údar féin), maraon le ceol agus iomainn comhlánacha air. Comhoibriú éachtach, más ea, idir shaothar scríofa agus dhlúthdhiosca ar chóir do lucht na tíre seo – bídis ina nGaeilgeoirí nó ná bíodh - a bheith sásta leis agus bródúil as.

Ach, i ndeireadh na preibe, is sa saothar scríofa féin atá an t-iomlán fréamhaithe, agus ní mó, b’fhéidir, a thabharfar mar mholadh do cheannródaíocht seo an Laighléisigh ná a rá go bhfuil sé deacair a shamhlú go sáróidh sé an iarracht seo le haon saothar eile riamh arís. Bronntanas Nollag don uile aois nach bhféadfaí a shárú. An Nollaig sa Naigín – is tuisceanaí, is umhaile, is saibhre mé i bhfad as é a léamh.

Ar ais go Páistí
Ar ais go Déagóirí
Ar ais go Daoine Fásta

CEANNAIGH