Léirmheas ar Feasta

‘An Phleist Mhór’

(Aois 3-7)

le Susan Edwards & Ré Ó Laighléis / Léaráidí le Emily Colenso

ISBN 978-0-9554079-6-3, Crua, Formad A4 leathan, 36 lch.

Lándaite, €14

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

Léirmheas le Sinéad Nic Gearailt

“Is seoid don pháiste é seo ón gcéad leathanach, idir scríobh agus léaráidí, idir dhearadh agus leagan amach.”

Duine ar bith a scríobhann nó a léann do pháistí óga riamh, tagann buntuiscintí ar leith chuige go han-luath sa phroiséas. Ar na buntuiscintí sin tá gurb iad na heilimintí is riachtanaí chun breith ar anam, ar chroí agus ar shamhlaíocht an pháiste óig ná an tsimplíocht, an tsoineantacht, an draíocht agus an daonnacht. Cuir rian den ghreann leis an gceathairéad sin agus tá leat maidir leis an bpáiste a mhealladh agus a s(h)úile a oscailt do iontais na litríochta. Tá sin uile déanta go seoigh in An Phleist Mhór, a chruthú sin le feiceáil sa mhéid is gur tugadh siar chun na páistiúlachta mé féin sa léamh agus, chun an fhírinne a rá, ba leasc liom draíocht agus soineantacht an domhain sin a thréigean chun filleadh ar mo shaol mar dhuine fásta.

‘Sa léamh agus sa bhreathnú’ ba chirte dom a rá thuas, mar, is é an rud nach ndúirt mé go nuige seo ná gur saothar é an leabhar seo a bhfuil idir fhocail agus léaráidí ann, agus iad araon ar an gcaighdeán is airde ar fad. Is léir ar an saothar seo gur scríbhneoir úr le háireamh í Susan Edwards – duine den bheirt a chum focláiocht aoibhinn An Phleist Mhór. Maidir lena leathbhádóir pinn, Ré Ó Laighléis, tá seisean molta as a chumas agus a chruthaitheachas le blianta fada anuas, agus, ach an oiread lena pháirtí pinn, níor loic sé a dhath ar an léitheoir fós eile le feabhas a chuid ceardaíochta sa chomhiarracht seo.

Is scéal simplí é seo faoi Amy agus Claire, beirt chailíní óga – cúpla go deimhin – a bhfuil fonn orthu dul amach chun spraoi tar éis dó báisteach mhór a dhéanamh: simplíocht, má b’ann dó riamh.

“A Mhamaí, ’Mhamaí, ’Mhamaí, tá an bháisteach stoptha, tá an bháisteach stoptha.
An bhfuil cead againn dul amach chun spraoi?”

Ceadaíonn Mamaí sin dóibh a fhad agus go ngléasann siad iad féin go cuí. Ar ndóigh, déanann siad sin agus amach leo. Is ag an bpointe seo sa scéal a chasann an léitheoir ar ghné na soineantachta den pháistiúlacht. Ní shásóidh rud ar bith an bheirt óg ach dul ag tástáil na loganna atá fágtha i ndiaidh na báistí. I ngeall ar a n-easpa taithí ar dhul an tsaoil seo, ní cheadaíonn an tsoineantacht dóibh a thuiscint nach mbíonn gach rud sa saol seo mar a shíltear é a bheith. Tá an bheirt óg fiosrach, tá siad iniúchach, tá siad trialach ach, má tá féin, níl siad eolasach... go fóill. Agus is é sméar mhullaigh an scéilín seo ná an draíocht, an daonnacht agus, i ndeireadh na preibe, an greann a ghintear ag dá ghné úd na simplíochta agus na soineantachta.

D’fhéadfaí, ar bhealach, scéal eisceachtúil mar seo a lot trí ró-anailís a dhéanamh air. Ar deireadh, is é an slat tomhais is fearr air ná go dtugann sé taitneamh, agus ardtaitneamh, go deimhin, don té a ardaíonn agus a léann/bhreathnaíonn. Is teist ann féin é go súitear an léitheoir, idir pháiste agus léitheoir fásta, isteach sa scéal; go dtiteann an léitheoir sin go domhain in umar réalachas an scéil; agus, thar aon ní eile, go gcasann an léitheoir na leathanaigh le díograis síos tríd féachaint céard agus conas mar a thitfidh amach ar chor ar bith. Agus, sa deireadh thiar thall, nach shin é, thar aon ní eile, a dhealaíonn an rud maith ón dríodar. Go deimhin, i gcás An Phleist Mhór, sin é a dhealaíonn an rud iontach ón rud maith, mar níl aon dabht ann ach gur seoid eisceachtúil aoibhinn é seo.

Ach cén fáth an tionchar seo uile ar an léitheoir i gcoitinne, agus ar an bpáiste ach go háirithe?
Is amhlaidh atá mar go bhfuil an fhoclaíocht, an cheardaíocht agus an obair ealaíne go
hiomlán i dtiún le chéile ó thús deireadh. Don aoisghrúpa dá luaitear An Phleist Mhór leis,
i.e. 3-7 bl., tá sé tábhachtach i gcónaí go mbíonn foclaíocht scéil tomhaiste meáite agus ar an
sprioc. Sin mar atá anseo. Ach tá dhá ghné bhreise den fhoclaíocht in An Phleist Mhór a dhéanann rud ar leith den saothar. Ar an gcéad dul síos, tá gné an athrá breactha tríd an téacs. Aithnítear leis na cianta gur bunbhealach éifeachtach é an t-athrá le teanga a mhúineadh do pháistí ach, i gcás na teicnice anseo, is mar ghné shníomhtha den ghreann agus den eachtraíocht a dhéantar an t-athrá, rud a chiallaíonn gur comhnascadh uastairbheach de thaitneamh na litríochta agus den fhoghlaim atá ann. Sa dara háit, tá na húdair dána agus sásta dul sa tseans maidir leis an léitheoir óg a shíneadh ó thaobh na foclaíochta de, rud atá inmholta agus riachtanach go hoideolaíoch. Féach, mar shampla, i ndiaidh na tubaiste úd is buaicphointe don scéal, go scríobhann na húdair:

Tá na cailíní bric-breac-brocach-breacanta-broghach le puiteach.

Ba dhearmad ag duine a cheapadh go gcaillfí na páistí leis na focail thuas, bíodh is gur focail iad cuid díobh nach mbeadh feicthe acu riamh cheana go dtí seo. Cuimhnimis, mar shampla, ar an leathanach taobh leis na focail seo, go bhfuil íomhánna na gcarachtar agus cuma chiall na bhfocal sin orthu. Chomh maith leis sin, is léir nach timpiste ar bith é go bhfuil uaim fhileata á húsáid ag na scríbhneoirí chun go ndéanfaí rud mealltach damhsach de na focail úra ranntacha seo – rud a dhéantar go han-éifeachtach le focail eile sa scéal tríd síos. Anuas air sin, in imeacht dhá líne ina dhiaidh sin, as béil na bpáistí féin, fógraíonn siad:

“Táimid bric-breac-brocach-breacanta-broghach le puiteach.”

Mar sin, tá comhlánú na léaráide mar aon le comhlánú an athrá ann. Agus, mar bharr air sin uile, nuair a chastar go dtí an an chéad leathanach eile agus an tseoid-léaráid úr atá taobh leis, feicimid íomhá Mhamaí (agus cat an tí) agus iad ag breathnú ar Amy agus Claire os a gcomhair amach, céard é a deireann Mamaí? Sea, céard eile ach:

“Tá sibh bric-breac-brocach-breacanta-broghach le puiteach.”

Trí úsáid sciliúil na teicnice seo (athrá & léaráid), sáraíonn na húdair agus an t-ealaíontóir deacracht na míthuisceana a bheadh ann dá gcaithfí focail ar nós ‘breacanta’ agus ‘broghach’ go lom leis an léitheoir óg. Le fírinne, tá siad iomlán comhthéacsúil draíochta tarraingteach don pháiste (agus don duine fásta).

Cé go bhfuil caint déanta cheana féin ar thábhacht agus fheabhas na hoibre ealaíne anseo, ba easpach seo mar léirmheas mura ndéanfaí tagairt ar leith ann féin do léaráidí an leabhair dhraíochta seo. Uiscedhathanna atá ann – meán a thuigeann péintéirí a bheith iontach dúshlánach. Ach is uiscedhathanna den chéad scoth iad ar léir orthu nach amháin go bhfuil máistreacht ag Emily Colenso ar a ceird ach, anuas air sin, go bhfuil an-bhá agus an-tuiscint aici ar pháistí óga. Féach, mar shampla, tábhacht agus feidhm an chapaill agus an chait (nach dtagraítear dóibh, d’aon ghnó, san fhoclaíocht ar chor ar bith) i gcur le mealltacht agus atmaisféar an scéil. Samhlaigh an gliondar a chuirfidh siadsan ar an bpáiste a ardaíonn seo. Féach, leis, nach bhfeictear aghaidh Mhamaí am ar bith sa scéal agus, an t-aon dá uair a fheicimid a cloigeann, is é cúl a cinn a nochtar dúinn.

Ar scáth a chéile a mhaireann an fhoclaíocht agus na léaráidí agus ní fhéadfaí a rá gur tábhachtaí ceann acu ná an ceann eile. Aít a bhfuil imeartas focal, tá imeartas san íomhá dáréir; áít a bhfuil greann sa bhfriotal, tá greann sa bhfís. Agus iad sin uile ar bhealach a theagmhann den chroí agus den anam araon. Féach mar nach bhféadfaí an líne

Agus tá an uile ní ina phlobánta phlabanta phuiteála phlobarnach phleotanta…pl…pl…pl…

a chur leis féin gan an léaráid ghleoite a ghabhann leis. Ní déarfad anseo a bhfuil sa léaráid sin ach a rá gur mhúscail sé gáire sna bonnacha ionamsa. Fágfad fút féin a chúis sin a aimsiú.

Is seoid don pháiste é seo ón gcéad leathanach, idir scríobh agus léaráidí, idir dhearadh agus leagan amach. Agus is amhlaidh atá ag a dheireadh chomh maith, áit a bhfuil dhá mhír ar leith a fhágann barr snasa ar an eispéireas arb í An Phleist Mhór. Nuair a chasann tú ón leathanach ar a fhógraítear ‘Críoch’ an scéil, sin agat os do chomhair mionleagan iomlán den scéal i bhfoirm chlárscéil (nó ‘storyboard’, mar is nós leis na Meiriceánaigh a thabhairt air). Mion-íomhánna den chúig léaráid déag atá ann agus abairtín cui ón téacs faoi gach aon cheann díobh. Gléas foghlama? Gléas taitnimh? Iad sin beirt agus tuilleadh.

Cas an leathanach arís agus tá nótaí beathaisnéise ar na húdair agus an t-ealaíontóir. Tá draíocht shamhlaíoch ar leith ag baint leis an gcaoi a bhfuil seo déanta chomh maith ach, le nach mbeidh a fhios ag an léitheoir gach a bhfuil roimhe, ní sceithfead an rún sin ach an oiread.

Is ábhar ceiliúrtha don Ghaeilge é gur seoid í An Phleist Mhór nach aistriúchán í ó theanga éigin eile – rud is minic a tharlú – ach gur bunscéal Gaeilge é atá domhanda go téamach agus go mothaíoch. Tá a fheabhas mar tháirge le tréaslú leis an bhfoilsitheoir, MÓINÍN. Ábhar do gach gaelscoil agus bunscoil Ghaeltachta sa tír agus, go deimhin, do gach bunscoil a bhfuil an teagaisc á dhéanamh trí Bhéarla inti chomh maith.

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

 

Go Barr

 

Go Barr