Maeve Tynan

Maeve Tynan

Tá cónaí ar Mhaeve Tynan i Luimneach in éindí lena fear céile, David. Tá tréimhse caite aici mar léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, áit ar ghnóthaigh sí céim an dochtúra i 2007. Tá saothair éagsúla acadúla léi foilsithe, chomh maith le hobair eagarthóireachta a bheith déanta aici ar shaothair eile. I 2011, foilsíodh a saothar sainiúil ar an bhfile Derek Walcott, mar atá Postcolonial Odysseys: Derek Walcott’s Voyages of Homecoming.

Is é Ar Shiúl leis na Daoine Maithe / Away with the Fairies a céad saothar do léitheoirí óga.