Nua-Fhoilsithe

Ár i gCor Chomrua

le Ré Ó Laighléis

ISBN 978-0-9554079-2-5

Praghas €14.00

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

"Gluaiseann an scéal de luas raspanta fuinniúil, é ag tarraingt an anála ar feadh an ama as na carachtair féin agus, go deimhin, as an léitheoir atá ag cur aithne orthu."

Ach an oiread le mórán eile léitheoirí, is é mo chleachtas agus leabhar á cheannach agam ná breathnú ar an teideal, ansin casadh láithreach go dtí an clúdach cúil féachaint a bhfuil de thagairtí air i dtaobh an tsaothair. Is iondúil gurb í camshúil an amhrais a chaithim ar na tagairtí céanna agus fios agam roimh ré, cuma olc, maith nó ar an meán é an saothar, nach aon droch-thagairt a bheidh ag an bhfoilsitheoir air ar aon chaoi, ach a mhalairt. Is cúis áthais i gcónaí é ag an léitheoir a fháil amach ar léamh an leabhair dó go bhfuil a bhfuil taobh istigh de na clúdaí mar a gealladh é a bheith ar an gclúdach cúil. Agus, go deimhin, cé gurb iontach iad ráitis na gcriticeoirí i gcás Ár i gCor Chomrua, caithfear a rá gur mór ar fad mar a sháraíonn scéalaíocht agus ceardaíocht úrscéal úr seo Uí Laighléis gach a raibh súil agam leis.

Cad é a thugann ar údar scéal a lonnú chomh fada siar le 1317? Níl a fhios agam. Is mó, b'fhéidir, a dhéanfaí iontas de sin i gcás Ré Uí Laighléis mar go bhfuil an oiread sin dá scríbhinní buille ar bhuille suas le tarlúintí an lae inniu agus cáil agus iomrá nach beag air dá mbarr, bídis i nGaeilge nó i mBéarla. Seo é an t-údar a thug leabhair don Ghaeilge a áireofar ina gclasaicigh amach anseo, leithéidí Gafa, Bolgchaint, Goimh, Punk, Ecstasy agus raidhse eile nach iad. Ach cuimhnimis gurb é seo, leis, an t-údar a thug Sceoin sa Bhoireann dúinn - scéal atá lonnaithe i 200 Roimh Chríost, úrscéal a raibh agus a bhfuil rath agus ráchairt air, úrscéal a ghnóthaigh príomhdhuais an Oireachtais i mbliain a fhoilsithe, díreach mar a rinne Ár i gCor Chomrua i 2005. Is iontach mar is féidir leis a mheoin a chur i dtréimhsí éagsúla ama, agus ná déanaimis dearmad ar a rinne an scríbhneoir céanna leis an bhfráma ama agus le castachtaí ama i gcás An Taistealaí agus gan é ach i dtosach a cheirde thart ar scór bliain ó shin.

Ach, go fírinneach, is annamh ar fad go n-éiríonn le leabhar ar bith - cuma cén teanga ina mbíonn sé - an chuisle a chur ag preabarnach ionam, ach sin é go díreach a rinne an
t-úrscéal seo. Ar uaireanta ba é an faitíos ba chúis leis an mearbhruith fola agus mé á léamh, ar uaireanta eile an teannas agus, ar uaireanta eile fós an briseadh croí nó an bharbarthacht nó gné éigin eile den táipéis ilshnáthach atá sníomhtha go cáiréiseach ealaíonta ag an Laighléiseach dúinn fós eile an uair seo. Lánléargas scéalaíochta, eachtraíochta, samhlaíochta, ceardaíochta é seo a chuireann cúis agus dlisteanachas le ráiteas an Dr. Ciarán Ó Coigligh ar an gclúdach cúil, áit a scríobh sé i dtaobh na duais-iarrachta céanna: "Togha scéil, teanga, carachtrachta, eachtraíochta, atmaisféir. Úrscéal dáiríre." Agus abair é, a Chiaráin!

Cath mór na mBrianach i 1317 is cúlbhrat don scéal seo, uair a thug na prionsaí Brianacha a bhí i gceannas ar dhá thaobh na clainne scoilte sin aghaidh ar a chéile i ndiaidh dóibh na blianta de chogaíocht fhada ar ar tugadh 'Caithréim Thoirdhealbhaigh' a chur díobh. Cé go bhfuil na ceannairí ar dhá thaobh na clainne in adharca a chéile, ní féidir a rá nach bhfuil uaisleacht (agus an-uaisleacht) ag baint leo beirt. Ach ní hí an uaisleacht, ach a mhalairt, a bhaineann le Feardorcha, leifteanant i bhfórsaí Dhonncha, duine de na prionsaí Brianacha. Duine aduain é Feardorcha, duine arb í an mhailís is smior smeara dó, duine barbartha dorcha ainmhíoch a ghéilleann go ró-réidh dá nádúr nuair a bhruitheann na tréithe sin aníos ann; duine, i ndáiríre, atá ar aon dul le marfóirí ar nós Charles Manson nó Fred West an lae inniu. Is den Olc é. Is duine é nach féidir le haon fhear - cuma cumhacht ná neart - é a chloí ach amháin Benignus anbhann, an seanmhanach Cistéirseach atá ar dhuine de chomhluadar na manach sa mhainistir i gCor Chomrua. Agus d'ainneoin Benignus a bheith chomh dall le cloch, tá bua na físe aige agus buanna neamhchoitianta eile nach é. Is den Maitheas é. Is é neimisis Fheardorcha é. Agus is í ollchumhacht dhiamhrach na beirte céanna a chinnfidh gach a tharlóidh ar deireadh.

Ach is é is fíor-chaitilís an phlota dhraíochta shár-shníomhtha anseo ná grá neamhcheadaithe na hógbheirte Iarla agus Sorcha. Is mac é Iarla leis an bprionsa Brianach, Diarmaid, agus is neacht í Sorcha le prionsa na Rua-mBrianach, Donncha, rud a fhágann gur faoi rún ar fad atá a ngrá dá chéile á chothú agus á chleachtadh acu le cúpla bliain anuas. Is é íoróin ghrá na beirte dá chéile ná go seasfaidh Iarla le fórsaí a athair, Diarmaid, in aghaidh airm Dhonncha agus in aghaidh Mhathúin, athair Shorcha, a bhfuil a dhílseacht geallta don Rua-Bhrianach aige.

Ach is leor sin de chreatlach mar ní hé is cás liom anseo an scéal iomlán a insint. Níl fúm ach fráma a thabhairt a thugann cúlra don méid is gá a rá faoi mar shaothar liteartha, mar, gan dabht ar domhan, tá an plota, an charachtracht, an cheardaíocht agus úsáid na teanga den ghrád is airde ó thosach deireadh. Tá a thoradh sin uile le feiceáil sa mhéid is nach bhféadfainn an leabhar a chur uaim ó d'ardaigh mé é agus gur roghnaigh mé nithe agus dualgais eile a bhí le comhlíonadh agam a chur siar le go gcríochnóinn an léamh.

Is iontach mar a éiríonn leis an Laighléiseach doircheacht Fheardorcha agus naofacht Bhenignus a chur i láthair an léitheora gan dul i muinín chomórtasaíocht bhunúsach an mhodha dhírigh a chleachtaítear go ró-mhinic i saothair liteartha. I gcás na beirte, tá an charachtracht cothaithe agus forbartha chomh sciliúil sin nach ag brath ar a chéile nó ar an gcomórtas atá eatarthu atá siad chun dul i bhfeidhm go láidir ar an léitheoir. Feicimid, mar shampla, d'ainneoin Benignus a bheith dall ó bhí sé ina pháiste, gur iomláine ná an duine is iomláine riamh é. Tá sé fealsamhach naofa gaoismhear agus, in am na coimhlinte le Feardorcha, is iad na tréithe sin is mó a fhaigheann greim ar an léitheoir ná an chomhraic féin. Féach ar leathanach a haon féin mar a fhoghlamaíonn muid faoi nádúr an tseanmhanaigh dhaill:
"Tochas ar bhog na cluaise air, é ag ealaín leis nó go ndéanann sé dinglis de féin. A fhios aige láithreach gur bídeog de dhamháin alla é. Cuimhníonn sé gur airigh sé líon an fheithidín ag greamú dá éadan agus é ag seilmidiú leis trí ghairdín an Bhráthar Germanus ar ball beag nuair a bhí sé ag déanamh ar an aireagal le haghaidh phaidreacha na hiarmhéirí. Agus cuireann sé ciotóg le bog na cluaise céanna, barra na méar á n-oibriú go cáiréiseach aige nó go n-aimsíonn sé an créatúr, ansin ritheann míorúiltín ochtchosach an Nádúir go fanóideach ar dhromchla chúl na láimhe air. Leis sin, íslíonn an manach an leathlámh leis an mballa íseal a scagann cosán agus fásra óna chéile agus ceadaíonn don neach beag éalú leis isteach san fhéar drúchtach."

Is ar bhealach réidh a chuirimid aithne ar Bhenignus sa sliocht sin. Is vignette bheag shimplí é ar thuiscint charachtair atá chomh mór sin mar dhuine go bhfuil sé eisceachtúil ar bhonn ar bith. Ach féach gur le húsáid teanga agus foclaíocht atá simplí neamhchasta teagmhasach a thugtar indearcadh domhain dúinn ar nádur an tseanfhir. Ansin, nuair a tharlaíonn sé níos déanaí sa leabhar go dtugann sé aghaidh ar Fheardorcha, is de thoradh ar fhorbairt den chineál seo síos tríd nach é an comórtas lom a fhaigheann tús áite in intinn an léitheora ach an tuiscint gur duine aduain é Benignus, gur duine aduain é Feardorcha, agus, ar deireadh, gurb é an rud aduain ar fad a chinnfidh an méid a thitfidh amach.

Is é fíor-dhraíocht agus fíor-chumhacht an tsaothair seo ná mar a thrasnaíonn bua Bhenignus agus mailís Fheardorcha saolta Shorcha agus Iarla, agus na leannáin óga faoi bhriocht a chéile le teann grá agus dóchais. Is in aon lá amháin a insítear an scéal seo ach, d'ainneoin an limistéir ama, tá sé amhail is go seoltar an léitheoir go fuinniúil scuabach ó ardchlár go hardchlár lena thiteann d'eachtraí amach i saolta na leannán. Imrítear an feall is uafásaí is féidir ar Shorcha agus gan a fhios ag Iarla a dhath faoi fhíochmhaire na barbarthachta a bhaineann leis an treascairt sin go dtí leathanaigh dheireanacha an leabhair. Tá céimeanna an phlota agus na bhfothphlotaí inmheánacha sníomhtha chomh hoilte sin timpeall ar na leannáin nach gcailleann an t-údar - agus, rud is tábhachtaí fos, an léitheoir - greim riamh ar dhul an scéil, cé nach eol don léitheoir riamh roimh ré ceann ar bith de na castachtaí atá le teacht. Ag aon am leis sin ar fad, éiríonn leis an Laighléiseach súil chruinn ghéar a choinneáil ar shonraí an chatha is cúlbhrat don scéal. Agus, nuair a thagann an cath sin, ní spáráltar ainmhí ná fear, ní spáráltar tuatach ná ríochas agus, rud is suntasaí agus is éifeachtúla ar fad, ní spáráltar an léitheoir. I ndeireadh na preibe, is é teacht gach snáth le chéile ag pointe na práinne sa scéal a dhéanann saothar eisceachtúil draíochtúil cineamatagrafach den tseoid liteartha seo.

Tá an teanga séimh, tá an teanga barbartha, tá an teanga snasta, tá an teanga saibhir, tá an teanga gortach nuair is gá agus groíúil nuair is é is gá chomh maith. Tá loime ann nuair is sin a oireann agus toirt ar uaireanta eile, é sin maidir le gach gné de eilimintí riachtanacha an dea-úrscéil. Tá an charachtracht láidir iomlán críochnúil. Tá an cheardaíocht oilte oircheasach oirbheartach ar bhealach atá annamh.Tá an plota céimnithe go cúramach cáiréiseach sa chaoi nach hann do chéim ar bith nach gá, agus ar bhealach a fhágann an chéim is tábhachtaí ar fad faoin léitheoir féin - an dualgas agus an dúshlán is mó a mbíonn ar an scríbhneoir tabhairt faoi riamh. Tá gach aon ghné den saothar seo saothraithe ar bhealach go gcoinníonn sé an léitheoir faoi ghreim go dtí an puth deiridh. Ní hin amháin é, go deimhin, ach is i ngeall ar an bputh deiridh sin nach scaoiltear an ghreim chéanna den léitheoir go ceann i bhfad i ndiaidh dó an leabhar a dhúnadh. Tá seo eipiciúil amach 's amach.

Sníomhtar eachtraíocht agus áilleacht thírdhreach sceirdiúil creagach na Boirne go galánta trí ghnéithe den réalachas agus den osnádúrthacht agus is léir grá agus bá agus saineolas an údair ar an áit a roghnaigh sé mar shuíomh agus ar na tarlúintí a léirítear san eipic iontach seo. Gluaiseann an scéal de luas raspanta fuinniúil, é ag tarraingt an anála ar feadh an ama as na carachtair féin agus, go deimhin, as an léitheoir atá ag cur aithne orthu. Ní túisce mion-fhaoiseamh soicind nó tá borradh gluaiseachta faoi arís. Bhí mé spíonta caite i ndiaidh é a léamh, ach é sin ar bhealach a bhí go maith: bealach a léirigh dom go raibh mo dhúshlánsa mar léitheoir tugtha.

"An-léargas tugtha ar chultúr atá caillte ach seoladh cruthanta faoin eachtraíocht. Stíl dhíreach ach ealaíonta sa saothar. Togha úrscéil." Sin é a bhí mar aitheasc ag Dónall Ó Braonáin ar an saothar nuair a bronnadh duais mhór an Oireachtais air dhá bhliain ó shin. Is é an t-aitheasc céanna a thugaimse air agus mé á léamh den chéad uair dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Ní hamháin gur tour de force é seo a sheasann buille ar bhuille leis na heipicí is deise, ach is tour de force é atá i nGaeilge ghlan ghalánta againn. Tá clasaiceach eile tugtha ar an bhfód ag an Laighléiseach - clasaiceach nach bhfuil den dul céanna le GafaEcstasyGoimh ach atá, i mo thuairimse - rud nach éasca a dhéanamh - chun tosaigh orthu uile. Ardaigh, léigh, déan iontas dá chruthaitheachas agus dá fheabhas.

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH