Léirmheas ar Feasta

Eachtraí Uchtaigh

le Esther Göbl Uí Nualláin

Léirmheas le Sinéad Nic Gearailt

ISBN 978-0-9554079-9-4, Bog, 88 lch.,

€8

Ainmnithe ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana le haghaidh Ghradam Réics Carló 2009

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

‘Is cnuasach aoibhinn é seo atá luaite leis an aoisghrúpa 7-9 mbliana, agus ní féidir ach a rá gurb é atá rí-oiriúnach do na léitheoirí céanna ar an uile bhealach.’

‘Soineantacht, simplíocht agus samhlaíocht’ a luaigh an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheith ar shaintréithe an tsaothair Eachtraí Uchtaigh, leis an údar úr Esther Göbl Uí Nualláin, agus é á sheoladh i Meánscoil Mhuire, Longfort i dtús an tsamhraidh. Agus an cnuasach á léamh agam don chéad uair ar an mbus ar an mbealach abhaile dom go Baile Átha Cliath an mhaidin i ndiaidh na hócáide, bhí trírín foclach sin an Laighléisigh ina mhacalla i mo chloigeann, leathanach i ndiaidh leathanaigh.

Is cnuasach (deich scéal) aoibhinn é seo atá luaite leis an aoisghrúpa 7-9 mbliana, agus ní féidir ach a rá gurb é atá rí-oiriúnach do na léitheoirí céanna ar an uile bhealach. Ar ndóigh, is dócha, agus an aoisghrúpa sin i gceist i gcónaí, gur ag faire ar bhun-eilimintí na dtéamaí agus na teanga a bhímid thar aon ní eile – gnéithe ar a chaithfear súil an léirmheastóra seo ar ball beag – ach is mithid a lua ag an bpointe seo go bhfuil an dá ghné riachtanach sin treisithe fós eile ag éadroime agus éagsúlacht stíl an údair chumasaigh seo. Agus, gan aon dabht, ní beag ar bhealach ar bith mar a chuireann léaráidí bíogúla gleoite ó scuab Emily Colenso leis an saothar mar tháirge den scoth. Ba í Colenso a rinne na léaráidí do Leabhar na Bliana 2008 – An Phleist Mhór – agus is léir anois ar na huiscedhathanna in Eachtraí Uchtaigh nach aon iontas aon oíche í an t-ealaíontóir céanna.

Gnáth-tharlúintí i saol an duine óig a sholáthraíonn na téamaí don Nuallánach ina cuid scéalta. Tarlaíonn, dá bharr sin, gur eachtraí iad a n-airíonn an léitheoir óg ceangal leo. Titim amach fiacaile agus na himpleachtaí fábharacha eacnaimiúla a ghabhann leis; ugach bhuachalla bhig agus é ag sárú bagairtí dhoircheacht na hoíche; girseach óg dá dtarlaíonn iontas draíochta agus í ag snámh sa bhfarraige lá; tinneas na deilgní agus gach a ghabhann leis sin; céad gheábh chailín naoi mbliana d’aois agus í ag dul ag an ngruagaire; crógacht pháiste in aghaidh na maistíneachta – iad sin uile ina dtéamaí móide an oiread céanna arís. Ag tarraingt as umar na coitiantachta atá an t-údar ’s gan aon bhréag-chumadóireacht ar siúl aici nuair nach gá sin.

“Mantach! Mantach! Mantachán! Cian mantach! Mantachian! Mantachian! Cian mantach!” a ghlaonn na buachaillí de chantaireacht ón gclós scoile. É sin mar oscailt ar an scéal ‘Mantach’, agus é le brath láithreach ar na focail a úsáideann an t-údar go bhfuil tuiscint aici ar nádúr na maistíneachta i saol an pháiste. Féach a chliste is atá seo mar oscailt sa mhéid is go gceadaíonn sí don maistíneacht é féin a léiriú don léitheoir as béil na maistíní féin, rud a chuireann gránnacht réalaíoch an nóis uafásaigh chéanna lom láithreach i láthair an léitheora. Tá síol an scéil curtha ón gcéad fhocal agus seoltar an léitheoir ar aghaidh go sciliúil agus dúil aige i gcruachás Chian bhig, an carachtar lárnach a bhfuil feall na maistíneachta á himirt air. Is cás leis an léitheoir go dtiocfaidh Cian slán ar a bhfuil ag tarlú dó agus is faoiseamh don léitheoir féin é (chomh maith le Cian) nuair is amhlaidh a tharlaíonn. Ach ní gan chasadh – agus casadh fíor-chliste, fíor-dhaonna, fíor-réalaíoch – a chuirtear clabhsúr ar an scéal céanna.

Agus cá hann riamh don chailín óg nach dteastaíonn uaithi suí i stiúideó an ghruagaire agus tae agus brioscaí a ghlacadh – díreach mar a dhéanann Mamaí - a fhad agus atá an gruagaire ag cóiriú a gruaig di? Is amhlaidh atá i gcás Shinéad sa scéal An Gruagaire. Goilliúnacht, frustrachas, dúil na girsí céanna a bheith fásta a thiománann an plota anseo, agus tá an scéal inste go tomhaiste trí chothromaíocht mhealltach den chomhrá agus inseoireacht a léiríonn tuiscint an údair don léitheoir óg a bhfuil gá aige nó aici leis an éagsúlacht sin.
“Ná habair a leithéid,” arsa Mamaí léi. “Do ghruaig álainn a ghearradh! Tá tú as do mheabhair. Do ghruaig fhada shíodúil a ghearradh! Ná habair a leithéid arís. Tá an t-ádh leat go bhfuil …” Agus leanann sí ar aghaidh agus ar aghaidh agus ar aghaidh léi.
Ní théann Sinéad go dtí an gruagaire riamh. Uair sa mhí, gearrann Mamaí leathorlach de bhun na gruaige agus leathorlach dá frainse. Ach téann Mamaí féin go dtí an gruagaire agus ní dhéanann Sinéad aon ghearán faoi sin. Bíonn gruaig Mhamaí an-difriúil nuair a thagann sí abhaile. Bíonn sí níos giorra agus, aisteach go leor, bíonn sí níos finne.
Agus, arís eile sa chás seo, tá casadh gar do dheireadh an scéil – casadh nach bhfuil súil ag an léitheoir leis – rud a chuireann barr críche ar an gcruthaitheachas atá le sonrú ann tríd síos.

Agus gné an chasaidh luaite faoi dhó cheana féin i gcás dhá scéal difriúil, níor mhiste tagairt a dhéanamh dó seo mar thréith atá le sonrú sna scéalta uile. Is minic i gcás údair áirithe, agus teicnic mar í á húsáid acu, go ritheann an cleas céanna chun leimhe, toisc go dtosaíonn an léitheoir ar a bheith ag faire amach dó, go háirithe i gcás go mbíonn ocht nó deich scéal i gceist, mar atá i gcás Eachtraí Uchtaigh. Is creidiúint iontach do chumas Esther Göbl Uí Nualláin é go n-éiríonn léi, d’ainneoin casadh a bheith i gceist i gcás gach ceann de na scéalta, teacht aniar aduaidh ar an léitheoir leis gach uile uair. Baineann seo leis an léitheoir óg a bheith súite isteach ag ceardaíocht, ag draíocht agus ag éagsúlacht na scéalaíochta atá curtha ina láthair, é sin ar bhealach go ndéanann an léitheoir dearmad glan ar an bhféidearthacht, fiú, go bhfuil aon chasadh i ndán dó.

Níor mhiste ag an bpointe seo, leis, tagairt a dhéanamh do chruinneas, do shaibhreas agus do fheiliúntacht na teanga sna scéalta tríd síos, rud a fhágann fíor-shásúil é don uile léitheoir, bíodh sé ina chainteoir dúchais nó ina dhalta gaelscoile nó, go deimhin féin, sa ghnáthscoil féin. Tá cúram glactha le cur i láthair na bhfriotal – cúram a chinntíonn nach gcailltear an léitheoir de thoradh chastacht, nuair nach gá a leithéid, ach a dheimhníonn ag an am céanna go bhfuil síneadh cuí teanga ann chomh maith. Tá an síneadh seo ar aon sprioc leis an síneadh téamach ar feadh an ama, rud a fhágann go bhfuil iomlánú i gceist don duine óg maidir leis na critéir riachtanacha is gá a bheith i bpíosa cruthaitheach dá leithéid.

Tugaim faoi deara go bhfuil sé ráite ag an bhfoilsitheoir ar chlúdach cúil an leabhair go bhfreagraíonn ‘na scéalta seo go seoigh samhlaíoch don riachtanas fáis agus do ghné mhothaíoch an pháiste san aoisghrúpa a bhfuil siad dírithe air’. Ar ndóigh, is riachtanas é seo atá á bhéimniú ag gach údarás oideachasúil, ní hamháin in Éirinn ach go domhanda le blianta beaga anuas agus caithfear a rá nach aon bhaotmhaíomh atá déanta ina thaobh sin sa bhlurba. Déanfar leas an pháiste ar na bealaí atá luaite agus ar bhealaí eile nach iad.

Tá sé le sonrú ar nóta beathaisnéiseach an Nuallánaigh go dtáinig sise, ach an oiread le go leor eile, faoi anáil Ré Uí Laighléis mar thraenálaí. Go deimhin, b’amhlaidh agam féin é tamall de bhlianta ó shin (cé gur trí Bhéarla, agus i gcomhthéacs scríobh trí Bhéarla a bhí mé ar thraenáil leis). Ní bréag a rá go bhfuil rian teagaisc an Laighléisigh le sonrú ar scríbhinní údar Eachtraí Uchtaigh, ach is mó fós le rá é go bhfuil a cuid féin déanta ag an Nuallánach den méid a d’fhoghlaim sí uaidh agus go bhfuil a sainrian féin ar an saothar aici – rud a bhéimníonn an Laighléiseach a bheith riachtanach i gcónaí.

Bheadh an cuntas seo easnamhach muna ndéanfaí tagairt do chaighdeán agus cur i láthair fisiciúil an leabhair féin. Cé gur ábhar do dhaoine réasúnta óg é an leabhar, féach nach loiceann an foilsitheoir, MÓINÍN, ar a chinntiú go bhfuil gnéithe aesteiticiúla an leabhair seo ar aon chaighdeán leis an ábhar a fhoilsíonn siad do dhéagléitheoirí agus do dhaoine fásta. Tá an dearadh thar cionn ar fad, tá na clúdaí aischasta (nó na French flaps, mar is minice ainm orthu) ar an leabhar, tá endpapers ag tús agus deireadh an tsaothair agus tá caighdeán an pháipéir, spású an téacs agus comhlánú na léaráidí den chéad ghrád. Agus, go deimhin, cén fáth nach mbeadh sin uile amhlaidh agus na daoine óga, arb iad léitheoirí fásta an lae amáraigh iad, i gceist. Bravo, a údair, Bravo, a fhoilsitheoir, Bravo, a chlódóir!

Is saothar é Eachtraí Uchtaigh a chomhlíonann an geallúint atá tugtha don léitheoir ar chlúdach cúil an leabhair, i.e. ‘it does what it says on the can’. Múinteoir meánranganna, tuismitheoirí atá ag iarraidh ábhar dúshlánach cuí a chur i lámha a bpáistí, an duine óg féin atá ag cuardach ábhair spreagúil, is mór ar fad an dearmad a bheas déanta acu má dhéanann siad neamhaird den tseoid aoibhinn seo.

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH


 

Go Barr