Léirmheas ar ‘Lá’, le Philip Cummings

Scrios Teaghlaigh

Gafa

Ré Ó Laighléis

Clúdach bog , 144 lch.

ISBN 0-9532777-5-5

Praghas €10

Ar ais go Déagóirí
Ar ais go Daoine Fásta

CEANNAIGH

Scrios Teaghlaigh
le
Philip Cummings

Foilsíodh an t-úrscéal seo an chéad uair ag Comhar i 1996, ach is leagan athbhreithnithe tugtha suas chun dáta é an t-eagrán seo ó Móinín, foilsitheoir measartha nua atá lonnaithe i gContae an Chláir.

Ó tharla nár léigh mé eagrán Comhar, níl mé in ann barúil a thabhairt ar na hathraithe a rinneadh ar an bhunscéal ach thug mé faoi deara go bhfuil gach tagairt d’airgead in euro anois.

Agus tá áthas orm nár léigh mé an t-úrscéal ocht mbliana ó shin nuair a foilsíodh ar dtús é mar tá mé i ndiaidh deireadh seachtaine sultmhar a chaitheamh á léamh an iarraidh seo – rud nach ndéanfainn má bhí sé léite agam cheana – agus thaitin sé go mór liom.

Go bunúsach, scéal teaghlaigh amháin atá againn anseo thar thréimhse dhá bhliain. Tá muintir Uí Fhloinn ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus tá ceathrar acu ann: Breandán, an t-athair, an mháthair, Eithne, Eoin agus Sinéad, na déagóirí. Tréimhse ghairid go leor a mhaireann an scéal ach tarlaíonn go leor rudaí sa tréimhse sin.

I nganfhios don teaghlach bhí an déagóir is sine, Eoin, ag glacadh hearóine le tamall. Ní andúileach go fóill é ag tús an leabhair ach tá an chuma ar an scéal gur sin atá i ndán dó. Ach tagann a mháthair ar steallaire, púdar agus giuirléidí eile faoina leaba tráthnóna amháin agus í ag glanadh, agus tagann an drochscéala chun solais.

Tá rún eile sa teaghlach fosta agus, mar gheall ar an rún sin, ní thugann a fear céile tacaíocht iomlán do Eithne agus í ag iarraidh fadhb na ndrugaí a réiteach. Ní chuidíonn sé léi sna cruinnithe leis an chomhairleoir agus ní bhíonn sé sásta seasamh daingean a ghlacadh lena mhac. É sin ar chúis mhaith, mar a tharlaíonn, mar tá Eoin á chur faoi dhúmhál ón lá a chonaic sé é i gcomhluadar rúnaí na scoile agus a thuig sé go raibh caidreamh suirí eatarthu.

Ó shin, tá an t-athair ag tabhairt 150 euro dá mhac gach seachtain gan an rún a scaoileadh agus tuigeann Breandán gurb é a airgead féin a thugann deis do Eoin na drugaí a cheannach. Mar sin, creideann sé go bhfuil freagracht éigin air as fadhb a mhic agus bíonn sé ag iarraidh an fhreagracht sin a sheachaint. Bíonn eagla air fosta go scaoilfidh Eoin an rún má bhíonn sé ró-dhian air.

Éiríonn le Ó Laighléis mothúcháin na máthar a léiriú go héifeachtach agus go hinchreidte. Ainneoin fhianaise a súl, tá dóchas go fóill aici as a mac agus ní chreideann sí ag pointe ar bith go bhfuil rudaí chomh dona is atá. Mar shampla, síleann sí ag an tús go bhfuil Eoin ag choinneáil na ndrugaí i bhfolach fá choinne duine éigin eile, nach mbeadh sé ag glacadh a leithéide é féin. Níos moille, nuair is léir di go bhfuil baint ag Eoin le dáileadh drugaí, creideann sí i gcónaí nach bhfuil sé gafa leo é féin.

Is dócha go bhfuil an claonadh seo gan an fhírinne a aithint coitianta go leor i gcásanna mar seo agus éiríonn thar barr leis an údar deacracht na mná a chur in iúl: ba mhaith léi cuidiú lena mac ach níl sí in ann an scéal iomlán a chreidbheáil ag an am céanna.

Ach is duine láidir í fosta mar is ise a chuireann scairt ar na Gardaí le cás Eoin a chur os a gcomhair agus, nuair a fhaigheann sí amach faoi mhídhílseacht Bhreandáin, bíonn sí láidir go leor le saol nua a chruthú di féin, post nua agus fear nua fosta.

Ní éiríonn chomh maith leis an údar carachtar Shinéad a léiriú. Is beag eile a dhéanann sí ach gualainn a sholáthar dá máthair nuair a bhíonn sí ag caoineadh agus is locht é nár feabhsaíodh mar charachtar í; cé go bhfuil an t-úrscéal gairid, ba cheart go mbeadh níos mó spáis tugtha di.

Ach tá i bhfad níos mó le moladh ná le cáineadh sa leabhar seo. Téann an plota ar aghaidh go gasta, bíonn na mangairí drugaí bagrach gránna, cuirtear deireadh sásúil leis an scéal.

Os rud é go bhfuil an leabhar seo ar churaclam na scoile, thuaidh agus theas, níl mé leis an deireadh sin a nochtadh – caithfidh na daltaí an leabhar a léamh iad féin. Agus níor mhaith liom aiste chriticiúil a chur ar fáil dóibh ach oiread ach caithfidh mé a lua gur thaitin stíl scríbhneoireachta Uí Laighléis go mór liom. Tá nós aige scríobh san aimsir láithreach agus amanna ní bhaineann sé úsáid as briathar ar chor ar bith: ‘Lá na Cúirte. Eithne agus Breandán i láthair. Spás suíocháin eatarthu beirt.’

Cuireann na nósanna seo le práinn an scéil agus cuireann fonn orm léamh ar aghaidh. Cuirfidh siad an fonn céanna ar mhórán daoine eile fosta – fiú má tá an leabhar léite acu cheana.

“… Caithfidh mé a lua gur thaitin stíl scríbhneoireachta Uí Laighléis go mór liom. Tá nós aige scríobh san aimsir láithreach agus amanna ní bhaineann sé úsáid as briathar ar chor ar bith… Cuireann na nósanna seo le práinn an scéil agus cuireann fonn orm léamh ar aghaidh. Cuirfidh siad an fonn céanna ar mhórán daoine eile fosta.”
Philip Cummings,

Ar ais go Déagóirí
Ar ais go Daoine Fásta

CEANNAIGH

Go Barr