Léirmheas ar Lá le Philip Cummings

Scéalta le Teachtaireacht

Goimh agus scéalta eile

Ré Ó Laighléis

Cludach bog, 104 lch.
ISBN 0-9532777-4-7

Praghas €7

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

Scéalta le Teachtaireacht
le
Philip Cummings

Tá tuairimí éagsúla ann faoi cad iad dualgais an scríbhneora agus athraíonn an bhéim a chuirtear ar an cheist seo ó aois go haois.

Dar le teoiric amháin, ba cheart don scéal a bheith morálta, i.e. go mbíonn an lámh in uachtar ag na daoine maithe agus go bhfilleann an feall ar an fheallaire ag deireadh an scéil.

Tá dearcadh eile ann a mhaíonn nach ceart moráltacht ón taobh amuigh a bhrú ar ábhar cruthaitheach ach go gcaithfidh an scéal cloí le cibé rialacha morálta inmheánacha atá cruthaithe sa scéal féin.

Ba mhaith le lucht léitheoireachta amháin go mbeadh an scéal ina scáthán ar an tsochaí chomhaimseartha agus bíonn dream eile ag dream leis an éalúchas nó leis an rómánsaíocht.

Amanna, áfach, tugann an t-údar faoi fhadhb faoi leith a aimsíonn sé sa tsochaí agus súil aige go gcuideoidh a scríbhneoireacht lena réiteach. Is é sin go díreach an rud atá déanta ag Ré Ó Laighléis sa chnuasach gearrscéalta seo.

Ocht ngearrscéal ar fad atá sa leabhar agus tugann gach ceann acu léargas ar ghné éigin den chiníochas in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Is leor sin leis an cnuasach a mholadh mar is fadhb ollmhór é an ciníochas in Éirinn faoi láthair agus ní mór aghaidh a thabhairt air. Tá i bhfad níos mó ná sin le moladh sa leabhar seo, áfach.

Sa chéad áit, taitníonn an stíl ghonta ghasta go mór liom. Éiríonn leis an údar íomhánna a chur os ár gcomhair agus an scéal a chur ar aghaidh ag an am céanna trí ghannúsáid bhriathra gníomhacha. Mar shampla, tús an scéil ‘Aithne’:

“Cuimhní. Soilse agus réaltaí agus bladhmanna de lasracha á gcúrsáil féin trí chloigeann Ahmet le linn dóibh a bheith á chiceáil. An phian. É ar a dhícheall é féin a chúbadh le nach n-aimseodh gach aon cheann de na ciceanna ceann sprice.”

Is minic an stíl seo á húsáid ag Ó Laighléis agus tá éifeacht faoi leith léi: mar go bhfuil muid cleachtaithe sa Ghaeilge le briathar ag tús abairte, spreagann sí suim agus sonraíocht nuair nach mbíonn briathar ann. Níos tábhachtaí ná sin, cuireann sé an léitheoir ar aghaidh chuig an chéad abairt eile agus chuig an chéad abairt eile, ag slogadh siar na míreanna gonta agus a shuim sa scéal agus sna carachtair ag fás beagnach i nganfhios dó féin. Ina theannta sin, leis na bearnaí a líonadh, fágann sé obair le déanamh ag an léitheoir féin, rud atá inmholta i ngearrscéal.

Tá carachtair agus suímh shochreidte cruthaithe aige fosta. Idir bhean ghnó a théann ag fiosrú gadaíochta ina siopa gruagaire agus oibrí ollmhargaidh a thig ar nóta caoga euro i mbruscar custaiméara drochbhéasaigh, éiríonn leis a smaointe agus a mothúcháin a chur in iúl chomh maith sin gur fíordhaoine go fóill iad sa tsamhlaíocht.

Bíonn réalachas ag baint le achan suíomh: achrann i ndioscó; aistear traenach; ceannaire anuas ar oibrí eachtrannach in ollmhargadh; oibrí deonach Éireannach thar lear; agallamh poist; taisme i monarcha; siopadóir éadmhar; caidreamh idir comhoibrithe. Is suímh iad as an ngnáthshaol laethúil agus is treise teachtaireacht na scéalta dá bharr, mar sin an áit a bhfuil an fhadhb.

Ach ní ag seanmóireacht a bhíonn Ó Laighléis. Díríonn sé a aird ar shuímh áirithe a bhfuil gné den chiníochas le fáil iontu, scrúdaíonn sé gníomhartha agus mothúcháin na gcarachtar agus fágann sé faoin léitheoir é ceacht a fhoghlaim as an scéal. Is fíor go bhfuil ceacht le foghlaim ach tá na scéalta taitneamhach iontu féin.

Go háirithe sa scéal ‘Claonfhéachaint’, taispeánann Ó Laighléis a scileanna mar scríbhneoir. Níl ach fíoreachtra amháin sa scéal seo ina mbíonn fear ag coimhéad ar lánúin Shíneach agus é ar aistear traenach, agus tagann an eachtra sin ag deireadh an scéil nuair a bhronnann sé rós an duine orthu.

Níl easpa suime ar bith ag dul leis an easpa eachtraí, áfach. Istigh in intinn an fhir a chaithimid an turas, é ag meabhrú faoi argóint atá ar siúl idir an bheirt eile agus faoin chaidreamh atá aige féin lena chailín, Róise.

Roinneann muid leis an pléisiúr a bhaineann sé as a bheith ag cúlfhéachaint ar shaol príobháideach daoine eile agus ní bhíonn gá le heachtra, ná le teachtaireacht (cé go bhfuil ceann ann: is daoine uilig muid, is cuma cén dath atá ar an chraiceann). Scéal gairid foirfe a thugann faill dúinn an saol a fheiceáil trí shúile duine eile.

Beidh a rogha féin ag an léitheoir ó na scéalta eile sa leabhar atá uilig ar chomhchaighdeán leis an cheann seo.

Tá sé le sonrú sa nóta beathaisnéise ag tús an leabhair go bhfuil an abairt seo ann: ‘Ní ball d’Aosdána é.’ Ní fios an ar son grinn nó de bharr éada a cuireadh isteach é ach má leanann Ó Laighléis leis ag scríobh saothair ar an chaighdeán seo, is cinnte nach fada eile ag fanacht a bheidh sé.

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

Go Barr