Léirmheas ar ‘Feasta’ le Pádraig Ó Baoill

Litir ó mo Mháthair Altrama
agus scéalta eile

Fionntán de Brún

Clúdach bog, 109 lch.

ISBN 0-9532777-7-1

Praghas €8

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

Is breá liom an deis seo léirmheas a dhéanamh ar ábhar nua-chruthaithe ón duais-scríbhneoir dúshlánach seo, Fionntán de Brún.

Bronnadh duais Oireachtais ó Bhord na Leabhar Gaeilge, ar an saothar seo de dheich ngearrscéalta in 2004 agus is maith atá sin tuillte aige.

Má mhothaíonn léitheoirí beagán déja vu gach seans go bhfuil an ceart acu óir bronnadh duais liteartha ar An Cumann Drámaíochta ó ‘An tUltach’ agus fuair an scéal Kango duais nuascéalaíochta in ‘Foinse’. Mar aon leis sin, foilsíodh Scáthchuairt i ‘Lá’ cheana féin agus bhí Mar a Fuair an tÚdar Bás foilsithe i ‘Bliainiris’ 2004.

Tá stíl agus cur i láthair dá chuid féin ag an Bhrúnach. Níl amhras ar bith ach go bhfuil genre na gearrscéalaíochta Gaeilge forbartha agus feabhasaithe ar a dhóigh féin aige agus saothar comhaimseartha curtha ar fáil sa chnuasach seo a sheasfaidh an fód le litríocht idirnáisiúnta an domhain. Is cuma más sa chéad phearsa, sa dara pearsa, sa tríú pearsa mar bhean nó mar fhear a labhrann sé, tá máistreacht ar an teanga aige agus an coibhneas cuí bainte amach aige leis na scéalta a insint agus a shaibhreas scríbhneoireachta a léiriú.

Cé gur ábhair teibí domhain atá pléite anseo ag an údar, cuirtear na scéalta os ár gcomhair i bhfoirm eachtrúil a fhágann an léitheoir ag síormhachnamh ar a bhfuil léite aige mar a bheadh fonn ceoil a ritheann gan stad is nach n-éalaíonn as an aigne.

Feictear go bhfuil bua na Tuisceana ag an Bhrúnach ar shiceolaíocht an duine inniu. Tá scrúdú lom agus domhain déanta aige ar an tsíce chathrach chomhaimseartha agus léargas ar na nithe is luachmhaire leis an phobal nua-aoiseach. Cuirtear an t-olc i gcoimhlint leis an mhaith agus déantar iniúchadh ar an bhrí taobh thiar de na coimhlintí in anam an duine.

Pléitear cuimhní cinn na gcarachtar mar a bheadh faoistin ar siúl agus na gearrscéalta mar scáthán spioradálta don údar agus don léitheoir araon. Mar shampla, déanann An Díseartach a sheacht ndícheall éalú ó pheacaí a shaoil agus tearmann de shaghas éigin a lorg. Ar ndóigh, ní féidir éalú ó choinsias an duine.

Creidim go bhfuil bia breá anama curtha ar fáil anseo don duine fásta. Cuirtear codarsnachtaí móra chúlra na cathrach i gcomhthéacs foirfe; carachtair ag iarraidh am a chur isteach nó a chur amú, gutháin phóca le bréaga a insint agus daoine a chosaint ó fhíor-chumarsáid, béilte idirnáisiúnta de ghlanmheabhair ag daoine agus stobhach déanta… Tá leibhéal Tuisceana ar leith bainte amach ag Fionntán de Brún ar shíce an duine ina shaothar agus cuirtear truflais an tsaoil i gcúlra na cathrach i gcodarsnacht le riachtanais an spioraid.

‘… Sin mar a bhí i gcathair mar seo, an lámh in uachtar ag an mhuintir is lú samhlaíochta, is lú intleachta, is lú mothú… Bhí na foirgnimh leamh, bhí na sráideanna leamh, bhí na siopaí leamh…’ (An Cumann Drámaíochta)

Is sa chúlra leamh atá fiúntas agus fírinne an tsaoil á lorg ag duine an lae inniu. Tá sé de dheis ag an léitheoir dul ar oilithreacht leis an údar, agus Fionntán de Brún ag breathnú ar fhorbairt dhiagacht an duine agus ar an streachailt choinsiasach a bhíonn ag cur as dúinn sa tsochaí chomhaimseartha. Déantar iarracht croí chúrsaí siceolaíochta a thuiscint agus léargas de shaghas éigin a thabhairt ar cad chuige a mbíonn daoine mar a bhíonn.

Cé go mbíonn bunús na fírinne á lorg ag duine agus ceisteanna ina thaobh tógtha de shíor, ní i gcónaí a bhíonn fuascailt na faidhbe ar fáil. Cuirtear ceisteanna, ach ní chuireann an t-údar i gcéill go bhfuil na freagraí ar fad ar fáil, rud atá le aithint sa chríoch oscailte. )

Is ‘de thaisme’ a thiteann cúrsaí amach in amannta agus scrúdaítear an dóigh a láimhseálann daoine na timpistí a thiteann amach. Sna scéalta atá bronnta ag an údar orainn anseo is iomaí aisfhreagra atá ag na carachtair. Uaireanta tá iarracht déanta ag na carachtair ciall a bhaint as an mhéid a tharla dóibh agus ceacht a fhoghlaim as. Téann a leithéid de dhuine ar thóraíocht bhrí de chineál éigin ar mhaithe le ceacht a fhoghlaim ón saol, agus tá teachtaireacht soiléir agus tuiscint aimsithe:

‘… go bhfuil an tsochaí seo ina mairimid beo ar mhiotais agus ar bhréaga agus go bhfuil an uile dhuine againn mar a bheadh codlatáin ann nár bhaol dóibh múscailt.’
(Mar a Fuair an tÚdar Bás)

Osclaítear doirse éagsúla inár n-aigne, tugtar léamh eile ar scéalta, scrúdaítear fiúntas na beatha agus féinmheas na gcarachtar agus an oidhreacht acusan á iniúchadh agus á mheas go géar. Léirítear réalachas lom na sochaí seo, nochtar béalchráifeacht na cléire, a bhfuil dearmad déanta acu ar fhiosrú na fírinne ar mhaithe le hinstitiúid a chosaint. Cuirtear i gcuimhne don léitheoir go mb’fhéidir: ‘…nach bhfeiceann tú ach an rud atá uait.’ (Ag Caint leis na Mairbh).

Tá sé de bhua ag an Bhrúnach an tóraíocht spioradálta a lonnú i ngnéithe simplí an tsaoil, agus carachtar ag imirt peile, mar shampla. Ní i dtólamh a bhíonn tuiscint ar anam an duine a lorg ach go leantar ar aghaidh gan cheist le cúrsaí an tsaoil:

‘An é go mbíonn an fochomhfhios ag siúl trí dhufair dhorcha ar feadh do shaoil, gan eolas an bhealaigh aige, ag tuisliú agus ag titim i bpoill gach ré seal? Nó an bhfuil treoir éigin aige a choinníonn sé ceilte ar an chuid eile den aigne agus an rud a dhéanann sé go fírinneach, titim isteach sna poill seo d’aonturas.?’ (Oilibhéar Puirséil)

Tá carachtair eile a bhaineann leas as an chúlra cathrach agus as imeachtaí a thiteann amach ar mhaithe lena leas féin. Coinníonn a leithéid de charachtar daoine eile faoi dhiansmacht agus lámh in uachtar údarásach cruthaithe as an staid ina bhfuil cúrsaí.

Cé nach bpléitear na trioblóidí go díreach, tugtar léargas dúinn ar shíce an duine atá lonnaithe i dtimpeallacht achrannach na tréimhse úd. Feictear an tionchar a bhí ag na trioblóidí ar fhorbairt an duine agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar charachtair áirithe:

‘Go dtí ar na mallaibh, ba í an pholaitíocht a chuireadh mo chraiceann ag dó, ach anois is rud níos leithne agus níos gáire dom ná sin é, mar atá, an ré seo ina mairimid agus gach rud a bhaineann leis.’ (I Láthair na hUaire).

Le fírinne, tá leabhar beag gleoite foilsithe ag Móinín agus gabhaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí as an chuma deas snasta atá ar an chnuasach. Creidim go bhfuil an oiread sin le foghlaim againn ó Fhionntán de Brún go mholfainn don léitheoir na gearrscéalta a bhlaiseadh de réir a chéile. Tá blas ar an bheagán, mar a deirtear, ní gá an béile ar fad a ghlanadh in aon oíche amháin.

Fáiltím go mór roimh an saothar seo. Tá seoid liteartha bronnta orainn. Tá mé cinnte go mbeidh a thuilleadh le teacht ón scríbhneoir seo agus go mbeidh litríocht na Gaeilge níos saibhre as dá bharr.


 

Léirmheas ar ‘Lá’ le Meadhbh Ní Eadhra

Ábhar smaoinimh agus samhlaíochta
le
Meadhbh Ní Eadhra

Is cnuasach an-dúshlánach de ghearrscéalta atá sa leabhar nua seo ó Fhionntán de Brún.

Bhain sé duais amach san Oireachtas i 2004 agus bhí sin tuillte go maith aige.

Tá cuma shnasta ghalánta ar chlúdach an leabhair, é foilsithe ag Móinín, teach foilsitheoireachta beag atá lonnaithe i gCo. an Chláir is a bhfuil rath ag teacht ar a ghnó le gach leabhar dá fhoilsítear.
Ach seasann an Ghaeilge álainn shaibhir Ultach amach thar rud ar bith eile sa leabhar, agus is draíochtúil an tslí ina sníomhann an t-údar na focail le chéile
D’fhoghlaim mé a lán ó na scéalta seo. Mar dhéagóir, is iomaí leabhar atá léite agam, curtha i dtaisce agus dearmad déanta agam orthu go deo. Ach i ndiaidh dom an chéad ghearrscéal sa chnuasach seo a léamh, scéal dar teideal Litir ó mo Mháthair Altrama, thuig mé go mbeinn ag machnamh ar na scéalta seo go ceann i bhfad.

Bhí críoch aisteach ar an gcéad scéal. Go deimhin, ní críoch a bhí ann ar chor ar bith, is dócha. Fágadh an scéal ar crochadh, ceisteanna in aigne an léitheora fós.

D’fhág an Brúnach an scéal ar oscailt sa dóigh is go raibh spás ann le haghaidh smaointe an léitheora. D’fhéadfá féin an scéal a léamh agus tuiscint iomlán difriúil a bhaint as ná mar a bhain do chara. Ar an slí sin, is stíl fhileata a chleachtann an scríbhneoir cumasach seo. Tá tuiscint an-domhain aige ar dhaoine agus ar an slí a smaoiníonn muid.

Cheap mé, i ndiaidh dom na scéalta uilig a léamh, gurbh fhéidir tréithe coitianta a aimsiú iontu: scéalta simplí cliste a bhí bunaithe ar charachtair níos mó ná ar eachtraí, a spreag a lán ceisteanna agus a chuaigh i bhfeidhm orm mar níor míníodh achan rud agus go raibh orm mo shamhlaíocht a úsáid.

Astu uilig, déarfainn gurb é I Láthair na hUaire an scéal is fearr liom. Tá sé mar a bheadh na céadta smaoineamh curtha le chéile ann, smaointe atá ag iarraidh míniú a thabhairt ar nithe éagsúla. Spreag sé suim san údar ionam: an raibh sé ag scríobh óna chroí? Arbh iad sin a chuid smaointe féin?

Is fíor-smaointe a bhí iontu agus rinneadh tagairt do dhaoine éagsúla, mar shampla, Luíseach éigin. Ní deirtear linn cé hé/hí. Ní ainm coitianta atá ann agus ní fheadar an fear nó bean atá i gceist.

Labhraíonn an t-údar faoi Luíseach, ach ní bhíonn aon chomhrá acu lena chéile. Bíonn orainn buille faoi thuairim a dhéanamh agus ár scéalta féin a chumadh. Thaitin an tréith sin den scéal agus de scríbhneoireacht de Brún go mór liom.

Sin an fáth a deirim gur dúshlánach an leabhar é. Bíonn ort smaoineamh. Bíonn ort aird a thabhairt ar gach focal. Roghnaíonn sé gach focal, is léir, agus roghnaíonn sé go maith iad.

Níor léigh mé cnuasach gearrscéalta chomh spreagúil suimiúil dúshlánach leis le fada an lá, i dteanga ar bith. Mholfainn d’aon duine le Gaeilge mhaith tabhairt faoin leabhar seo: is fiú go mór an iarracht.

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH