Na Clocha Síneacha

‘Gearrliosta Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga 2010’

Léirmheas ar Feasta

Na Clocha Síneacha
le Karen Tazi

ISBN 978-0-9554079-7-0, 36 lch.,

Praghas €10

Léirmheas le Sinéad Nic Gearailt

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH

“Is cuid riachtanach d’oiliúint shóisialta agus intleachtach an pháiste Éireannaigh é a bhfuil in Na Clocha Síneacha, agus b’easnamhach é an t-oide scoile nó an tuismitheoir a bheadh dall air sin.”

Agus an oiread sin cainte ann ar an athrú aeráide go domhanda toisc feall an chine dhaonna in aghaidh na Timpeallachta, is tráthúil ar fad é foilsiú an draíochtshaothair úir seo, Na Clocha Síneacha, le Karen Tazi. Agus, cé gur ar dhaoine óga, go príomha, atá an scéal seo dírithe, ba bhocht ar fad é dá mbeadh léitheoirí fásta dall ar a bhfuil á rá ag an údar-cum-ealaíontóir anseo. Is ábhar é seo a théann go smior na hoiliúna atáimid in ainm is a bheith á cur ar pháistí na hÉireann i dtaobh chúrsaí na Timpeallachta.

Tá aoibhneas scéalaíochta ina spleodarmheascán de fhocail, d’fhuaimeanna agus de phictiúir ar na leathanaigh seo. Is scéal simplí é ina chuirtear Niuniu, cailín óg Síneach inár láthair. Tá an-chion go deo aici ar a Daideo agus is ábhar gliondair di é nuair a fhógraíonn seisean go bhfuil sé chun í a bhreith leis ar chamchuairt amach faoin tír le go bhfeice sí cuid d’iontais na Síne. Is fear gaoismhear é Daideo atá ag iarraidh an ghaois sin a roinnt ar a ghariníon sula mbíonn sé ró-mhall chun sin a dhéanamh. Ach is spéis leis chomh maith go mbeidh a hintinn féin ag Niuniu i dtaobh an Nádúir, gurb ise a thiocfaidh ar a sainghaois féin ina thaobh sin, gurb ise a dhéanfaidh cinneadh faoina bhfuil ceart.

Ní fada isteach san aistear iad nuair a fheiceann Niuniu an scrios atá á dhéanamh ar an Nádúr. Nochtar uafás i ndiaidh uafáis di: gan iasc ar bith a bheith fágtha sna haibhneacha, toisc dramhaíl; foraoiseacha á leagan in ainm na forbartha; marú ainmhithe dúchasacha na tíre; truailliú an aeir i mbailte beaga toisc an iomarca tionscalaíochta; athchúrsáil uisce, agus mórán eile. Agus, i gcás gach aon tarlúint a nochtar do Niuniu, tugann an seanfhear cloch di a bhfuil chomhartha na gné sin den Nádúr atá caillte/á cailliúint scríofa uirthi. Ar deireadh, is é atá ag an gcailín óg ná tangram cloiche – tangram, nuair a fhéachtar air ina iomlaine, a bhfuil teachtaireacht ríthábhachtach ann díse, don léitheoir agus don domhan mór fairsing. Ach ní scéithfear a bhfuil sa tangram leis an léitheoir ag an bpointe seo.

Go deimhin, b’fheall dearg in aghaidh an té nach bhfuil Na Clocha Síneacha léite aige fós é dá n-inseoinn an scéal ar fad, ach níor mhiste tagairt a dhéanamh anseo don cheardaíocht oilte atá le sonrú ar an saothar tríd síos, é sin idir fhoclaíocht fhollasach liriciúil an téacs agus simplíocht mhealltach draíochtúil na léaráidí. Ní hamháin go bhfuil blas inbhraite na Síne go smior orthu seo araon ach tá blas domhanda orthu chomh maith, agus iad ar an sprioc go seoigh don aoisghrúpa a bhfuil an saothar dírithe air, go príomha, i.e. léitheoirí 10-12 bliain. Féach, mar shampla, an píosa seo leanas:

Gluaiseann siad leo sa bháidín beag buí ar feadh roinnt uaireanta an
chloig. Tar éis tamaill, tagann ocras mór ar Niuniu. Anois tá brón uirthi
nár thóg sí léi cístí gealaí na hoíche aréir. Déanann Daideo slat iascaigh
simplí agus tosaíonn sé ag iascach. Ach imíonn leathuair an chloig … imíonn
uair an chloig … agus fós níl puth d’iasc acu. Tá Niuniu míshásta. Tá Niuniu cantalach. Tá Niuniu mífhoighneach.
“Am agus foighne a dhéanann gúna geal síoda den duilleog mhaoildearg,” arsa Daideo…

Is suntasach é an struchtúr teanga anseo thuas. Tá an insint atmaisféarach, ach glactar cúram chomh maith lena chinntiú nach gcailltear an léitheoir óg le ró-chastacht foclaíochta nó le habairtí atá fada fánach. Is í draíocht na hinseoireachta anseo – d’ainneoin a shimplí is atá sé – ná go bhfuil sé séimh saibhir tréadach tríd síos. Agus is amhlaidh go díreach atá an léaráid aoibhinn atá ar an leathanach taobh leis: Daideo ina sheasamh ag cúl an bháid agus greim aige ar mhaide rámha, Niuniu ina suí chun tosaigh agus cuma na mífhoighne uirthi. Agus dathanna boga na léaráide céanna - idir bhuíonna agus bhándearga agus ghlasanna – iad uile mar chomhlánú ar an atmaisféar.

Agus in áiteanna eile sa saothar, a bhfuil práinn agus téagar sóisialta níos géire ar a bhfuil á chur ar a shúile don léitheoir, tá an comhlánú céanna inseoireachta/ealaíne le feiceáil. Féach, mar shampla, nuair a fhágann siad baile beag aoibhinn ar ar thug siad cuairt lá:

Níos déanaí an tráthnóna sin, seasann siad ar na bunchnoic taobh thiar den bhaile. Tá siad ag breathnú anuas ar an mbaile féin agus tá rudaí nach bhfuil go deas le feiceáil acu. Níl aon rian de na dathanna áille nó den draíocht aoibhinn a bhí le feiceáil níos luaithe sa tráthnóna. A mhalairt ar fad, faraor. Tá scamall tiubh de thoitcheo os cionn an bhaile. Toitcheo, sea!

Agus ní hiad na seastáin sa mhargadh atá le feiceáil. Ní hea, go deimhin, ach díonta na monarchana agus simléar ar gach aon cheann díobh. Agus, as gach aon simléar díobh, tá gás nimhneach á sceitheadh amach san aer.
An t-aer á lot. An tír á lot. An domhan á lot.
“Uaireanta, a Niuniu, a chroí,” arsa Daideo, “tá gá le seasamh siar píosa chun rud a fheiceáil i gceart.”

Feicimid an cúram céanna sa phíosa seo agus a chonaic muid sa sampla eile roimhe: abairtí atá gearr agus dea-struchtúrdha saibhir – é sin le nach gcaillfear an léitheoir óg; gaois an tseanóra arís sa ráiteas deireanach den phíosa (díreach mar b’amhlaidh sa phíosa eile); ábhar an téacs atá, an uair seo, rud beag níos práinní ná sa chéad sampla thuas. Agus féach céannacht na siméadrachta idir an dá phíosa, é sin, ach go háirithe, sa stíl agus sa struchtúr a úsáideann an scríbhneoir san inseoireacht.

Má bhreathnaítear ar an léaráid atá taobh leis an téacs arís sa chás seo, is cinnte go bhfeicimid de bhuíonna agus de ghlasanna srl. arís eile, ach is de dhealramh difriúil an uair seo iad: tá siad níos bagraí, níos salaí ar bhealach éigin, agus seachas na línte séimhe a bhí le sonrú san obair ealaíne i gcás an bháidín ar ball, tá na línte sa chás seo níos deimhnithí, níos dorcha, níos dána – é sin uile ar aon dul lena bhfuil sa téacs. Agus, mar sméar mhullaigh ar an íomhá chéanna, tá doircheacht bhagrach ar an deatach atá á eisiúint as na simléir os a chionn uile, agus an toitcheo ina brat drochthuarach os a chionn sin arís. Comhlánú, idir théacs agus léaráidí, a theagmhann, a chorraíonn, a thugann dúshlán an léitheora óig, agus é le feiceáil i gcónaí ar dhá ghné na hiarrachta go bhfuil idir thaithí agus chur amach ag an údar/ealaíontóir ar a lucht léitheoireachta. Agus, go deimhin, cén fáth nach mbeadh, area, is Bleá Cliathach í Karen (Farrelly) Tazi atá ina múinteoir bunscoile i mBunscoil Idirnáisiúnta Marymount i bParis na Fraince.

Agus, amhail is nár leor sin uile mar chomhlánú, tá gné amháin eile den iarracht anseo ar fhéach an foilsitheoir, MÓINÍN, chuige lena chinntiú go meallfaí an uile dhuine – fiú an léitheoir óg a mbeadh drogall air tabhairt faoi leabhar ar bith – chun Na Clocha Síneacha a ardú. Tá dlúthdhiosca den saothar iomlán mar chuid den leabhar, nach amháin a bhfuil an téacs á léamh go glan sothuigthe cruinn air, ach a bhfuil fuaimrian cúlrach leis a thugann sárbhlaise atmaisféarach den eachtraíocht agus den tír a bhfuil an eachtraíocht lonnaithe inti don léitheoir.

Ach cuimhnimis, agus é sin uile ráite, nach sa tSín amháin a bhfuil na huafáis seo in aghaidh na Timpeallachta ag tarlú – agus sin í an áit a bhfuil gné uilíoch an tsaothair seo thar a bheith tábhachtach dúinne anseo in Éirinn. Tá uafáis mar iad ar fud na hÁise, ar fud na hEorpa, ar fud an dá Mheiriceá, Thuaidh agus Theas, agus táid, go cinnte, ar fud na hÉireann. Féach an feall atá déanta ar Theamhair na Rí in ainm an dul chun cinn! Féach an iarracht neamhnáireach a rinneadh ar scrios a dhéanamh ar cheantar An Mhullaigh Mhóir tamall de bhlianta ó shin! Féach na tailte a díoladh go folaitheach rúnmhar le rachmasóirí, a bhfuil tithe anois tógtha orthu, agus cuid mhaith díobhsan faoi uisce! Sin iad ár gClocha Síneacha féin anseo in Éirinn. Agus sin í draíocht agus uilíochas an tsaothair aoibhinn seo, i.e. gur saothar eiseamláireach é faoin Timpeallacht atá logánta agus domhanda ag aon am amháin – sainchomhartha na fíor-litríochta. Nach álainn i gcónaí é sin a aithint ar shaothar do dhaoine óga!

Is cuid riachtanach d’oiliúint shóisialta agus intleachtach an pháiste Éireannaigh é a bhfuil i Na Clocha Síneacha, agus b’easnamhach é an t-oide scoile nó an tuismitheoir a bheadh dall air sin. Tá áthas nach beag orm go dtáinig an leabhar seo im’ threo le go ndéanfainn léirmheas air. Is saibhre go mór mé de bharr é a léamh.

AR AIS GO CATALÓG | CEANNAIGH


 

Go Barr